search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: '   faoin' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index    faoin:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

    CAIBIDIL III
    SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

    ROINN 1
    Forálacha ginearálta

    ROINN 2
    Maoirseacht

    ROINN 3
    Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

    ROINN 4
    Ríomhshínithe

    ROINN 5
    Ríomhshéalaí

    ROINN 6
    Ríomhstampaí ama

    ROINN 7
    Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

    ROINN 8
    Fíordheimhniú láithreán gréasáin

    CAIBIDIL IV
    RÍOMHDHOICIMÉID

    CAIBIDIL V
    TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    faoin:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 419

 

Airteagal 12

Comhar agus idir-inoibritheacht

1.   Beidh na scéimeanna ríomh-shainaitheantais náisiúnta ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) idir-inoibritheach.

2.   Chun críocha mhír 1, bunófar creat idir-inoibritheachta.

3.   Comhlíonfaidh an creat idir-inoibritheachta na critéir seo a leanas:

(a)

díreofar leis ar a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ní dhéanann sé idirdhealú idir aon réiteach teicniúil sonrach náisiúnta le haghaidh ríomh-shainaitheantais laistigh de Bhallstát;

(b)

beidh sé i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus caighdeáin idirnáisiúnta, nuair is féidir;

(c)

éascófar leis cur chun feidhme phrionsabal na príobháideachta trí dhearadh; agus

(d)

áiritheofar leis go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Treoir 95/46/CE.

4.   Beidh na nithe a leanas sa chreat idir-inoibritheachta:

(a)

tagairt do na híoscheanglais theicniúla a bhaineann leis na leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8;

(b)

mapáil ar leibhéil dearbhaithe náisiúnta scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith isteach sna leibhéil dearbhaithe faoi Airteagal 8;

(c)

tagairt do na híoscheanglais theicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta;

(d)

tagairt do thacar íosta sonraí aitheantais duine lena léirítear go huathúil duine dlítheanach nó nádúrtha, atá ar fáil ó scéimeanna ríomh-shainaitheantais;

(e)

rialacha nós imeachta;

(f)

socruithe chun díospóid a réiteach; agus

(g)

comhchaighdeáin oibríochtúla slándála.

5.   Comhoibreoidh na Ballstáit lena chéile i dtaca leis na nithe a leanas:

(a)

idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais oifigiúla ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) agus idir-inoibritheacht na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a bhfuil sé i gceist ag na Ballstáit fógra a thabhairt ina leith; agus

(b)

slándáil na scéimeanna ríomh-shainaitheantais.

6.   Beidh na nithe a leanas sa chomhar idir na Ballstáit:

(a)

malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir leis na scéimeanna ríomh-shainaitheantais, go háirithe maidir le ceanglais theicniúla a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus le leibhéil dearbhaithe;

(b)

malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir le bheith ag obair le leibhéil dearbhaithe na scéimeanna ríomh-shainaitheantais faoi Airteagal 8;

(c)

athbhreithniú piaraí na scéimeanna ríomh-shainaitheantais a thagann faoin Rialachán seo; agus

(d)

scrúdú ar na forbairtí is déanaí in earnáil an ríomh-shaitheantais.

7.   faoin 18 Márta 2015, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta riachtanacha chun an comhar idir na Ballstáit dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 a éascú, d’fhonn leibhéal ard iontaoibhe agus slándála a chothú a bheidh comhoiriúnach leis an leibhéal riosca.

8.   faoin 18 Meán Fómhair 2015, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a shocrú d’fhonn an ceanglas faoi mhír 1 a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún, faoi réir na gcritéar a leagtar amach i mír 3 agus lena gcuirfear san áireamh torthaí an chomhair idir na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta mar a leagtar amach i mír 4 é.

9.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

CAIBIDIL III

SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 17

Comhlacht maoirseachta

1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta atá bunaithe ar a gcríoch, nó, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.

Tabharfar do chomhlachtaí maoirseachta na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainm agus seoladh na gcomhlachtaí maoirseachta a ainmneoidh siad féin faoi seach.

3.   Seo a leanas an ról a bheidh ag an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin chun a áirithiú, trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonadh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuirfidh siad ar fáil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

beart a dhéanamh más gá maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo;

4.   Chun críocha mhír 3 agus faoi réir na srianta dá bhforáiltear sa mhír sin, beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ar an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus tacú leo i gcomhréir le hAirteagal 18;

(b)

anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 21(1);

(c)

comhlachtaí maoirseachta eile agus an pobal a chur ar an eolas maidir le haon sárú slándála nó le haon teip ó thaobh sláine de i gcomhréir le hAirteagal 19(2);

(d)

tuarascáil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;

(e)

iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(f)

comhoibriú leis na húdaráis cosanta sonraí, go háirithe tríd a gcur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le torthaí iniúchtaí ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, i gcás ina mbeadh an chuma ar an scéal gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí;

(g)

an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus an stádas sin a asbhaint i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21;

(h)

an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a asbhaint, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta freisin;

(i)

a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcásanna ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 24(2);

(j)

a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe go réiteoidh siad aon mhainneachtain a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar faoin dlí náisiúnta.

6.   faoin 31 Márta gach bliain, tíolacfaidh gach comhlacht maoirseachta tuarascáil don Choimisiún maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhí aige le bliain féilire anuas mar aon le achoimre ar na fógraí maidir le sárú a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

7.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 6 ar fáil do na Ballstáit.

8.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta na tuarascála dá dtagraítear i mír 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 22

Liostaí iontaofa

1.   Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú ina mbeidh i measc nithe eile faisnéis faoi sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a bhfuil sé freagrach ina leith chomh maith le faisnéis faoi na seirbhísí cáilithe iontaoibhe a sholáthraíonn siad.

2.   Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bheidh ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bhunú, a chothabháil agus fhoilsiú ar bhealach slán, ar liostaí iad a bheidh i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe agus dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faisnéis faoin gcomhlacht atá freagrach as liostaí iontaofa náisiúnta a bhunú, a choinneáil agus a fhoilsiú, agus mionsonraí maidir leis an áit ina bhfuil na liostaí sin foilsithe, faoi na deimhnithe a úsáideadh chun na liostaí iontaofa a shíniú nó a shéalú agus faoi aon athruithe a rinneadh orthu.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, trí chainéal slán, an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 3 a chur ar fáil don phobal i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.

5.   faoin 18 Meán Fómhair 2015 sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus saineoidh sé na sonraíochtaí teicniúla agus na formáidí teicniúla do na liostaí iontaofa is infheidhme chun críocha mhír 1 go mír 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 23

Trustmharc AE do sheirbhísí iontaoibhe cáilithe

1.   Nuair a bheidh an stádas cáilíochta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 21(2) curtha in iúl sa liosta iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 22(1), féadfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe leas a bhaint as trustmharc AE chun na seirbhísí cáilithe iontaoibhe a sholáthraíonn siad a chur in iúl ar bhealach simplí, so-aitheanta agus soiléir.

2.   Nuair a bhainfidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe leas as na seirbhísí cáilithe iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh siad go gcuirfear nasc leis an liosta iontaofa ábhartha a bheidh ar fáil ar a láithreáin ghréasáin.

3.   faoin 1 Iúil 2015, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, foráil a dhéanamh maidir le sonraíocht i dtaca le foirm agus go háirithe le cur i láthair, comhdhéanamh, méid agus dearadh thrustmharc AE do sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a shonrú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 27

Ríomhshínithe sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil, ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhíse ar líne atá á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshíniú ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshínithe cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshínithe ardleibhéil. Toimhdeofar go gcomhlíontar na ceanglais maidir le ríomhshínithe ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 26 tráth a gcomhlíonfaidh ríomhshíniú ardleibhéil na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

5.   faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshínithe ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 37

Ríomhshéalaí sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil, ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear san ghníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhís ar líne a bheidh á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshéala ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshéala cháilithe.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 36 á gcomhlíonadh tráth a gcomhlíonfar na caighdeáin sin le ríomhshéala ardleibhéil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2)

5.   faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshéalaí ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).


whereas









keyboard_arrow_down